Abhainn ghairid a cheanglaíonn Loch Coirib le cathair na Gaillimhe agus Cuan na Gaillimhe in iarthar na hÉireann í Abhainn na Gaillimhe[1] nó An Ghaillimh (i mBéarla River Corrib agus i mBéarlachas, Abhainn na Coiribe nó an Choirib). Níl ach aistear tuairim is 15km inti, ach tá iascaireacht bhreá ar an loch agus san abhainn. Bhíodh an t-ainm Loch Oirbsen ar an loch sa sean-am, de réir leabhar Ruaidhrí Uí Fhlaithbheartaigh ó 1684.
- ↑ “Abhainn na Gaillimhe/River Corrib | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.