Euskara agus euskara | |
---|---|
Cineál | teanga bheo agus teanga nádúrtha |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 750,000 (2016) |
Dúchasach do | An Bhioscáin, Navarra, Gipuzkoa, Araba agus Tír na mBascach |
Stáit | an Spáinn agus an Fhrainc |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna Vasconic (en) Basque languages (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir na Bascaise agus aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Euskaltzaindia |
Leibhéal leochaileachta | 2 leochaileach |
Stair | history of the Basque language (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | eu |
ISO 639-2 | eus |
ISO 639-3 | eus |
Glottolog | basq1248 |
Linguasphere | 40-AAA-a |
Ethnologue | eus |
ASCL | 2901 |
UNESCO | 415 |
IETF | eu |
Teanga aonraithe—is é sin, teanga nach bhfuil aon cheann eile gaolmhar léi—is ea an Bhascais, agus í á labhairt i dTír na mBascach (Bascais: Euskal Herria nó Euskadi) in oirthuaisceart na Spáinne agus in iardheisceart na Fraince. Ní teanga Ind-Eorpach í ar aon nós, agus ní féidir teacht ar theangacha eile a bheadh gaolmhar léi ach an oiread. Go dtí le déanaí, ní raibh caighdeán ceart ann, agus bhí na scríbhneoirí i dtuilleamaí canúintí scríofa leis an teanga a shaothrú ar aon nós, ach sna 1970idí, shocraigh Acadamh na Bascaise, nó Euskaltzaindia, caighdeán scríofa ar tugadh Euskara Batua, nó an Bhascais Aontaithe, air.
Tá stádas oifigiúil ag an mBascais sa Spáinn. Ní féidir leis na Bascaigh Fhrancacha úsáid oifigiúil a bhaint as a dteanga dhúchais, ach, íorónta go leor, tugann an stát Francach aitheantas áirithe do theanga na mBascach ón Spáinn, toisc gur teanga oifigiúil í sa tír sin, agus conradh idirnáisiúnta sínithe ag na Francaigh is na Spáinnigh faoi chomhaitheantas na dteangacha oifigiúla.
Tá ocht bpríomhchanúint ag an mBascais, mar atá, canúint na Bioscáine, canúint Gipuzkoa, canúint Ard-Nafarroa Thuaidh, canúint Ard-Nafarroa Theas, canúint Lapurdi, canúint Íseal-Nafarroa Thiar, canúint Íseal-Nafarroa Thoir, agus canúint Zuberoa. Tá an caighdeán, an t-euskara batua, bunaithe ar chanúint Gipuzkoa thar aon cheann eile. Cé gurb í an Bhascais chaighdeánaithe seo is mó a chloistear ar an raidió agus a léitear ar na hirisí, maireann na leaganacha caighdeánaithe de na canúintí beo inniu féin, go háirithe caighdeán Lapurdi, a úsáidtear go forleathan i gcúige Zuberoa (Soule) sa Fhrainc.
Cé nach bhfuil gaol ná lúb ghaoil ag an mBascais le haon teanga eile, tá sí breac le hiasachtaí ón Laidin, ar nós bake "síocháin" (ó pax, pacem na Laidine) nó denbora "am, aimsir" (ó tempus, tempora na Laidine). Is follasach go bhfuair sí a lán focal ón Spáinnis agus ón bhFraincis, leis.
Maidir le litriú agus fuaimniú na Bascaise, is iad na litreacha is suntasaí ná x, a fhuaimnítear mar [ʃ] ("sh" an Bhéarla, is é sin, siosach iar-ailbheolach), tx, a fhuaimnítear cosúil le "ch" an Bhéarla, agus an j, a fhuaimnítear go héagsúil sna canúintí éagsúla—mar [j] (y an Bhéarla), mar [x] (ch leathan na Gaeilge, nó j na Spáinnise) nó mar [ʒ] (j na Fraincise), mar shampla. Tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil ar an difríocht idir z agus s na Bascaise, nó ní hionann é agus difríocht an dá litir seo sa Bhéarla. Sa Bhascais, is ionann an litir "s" agus siosach rinnailbheolach, is é sin, ní úsáidtear ach rinn na teanga (an pointe is airde d'uachtar a teanga) san fhuaimniú. An litir "z", arís, seasann sé don tsiosach lannailbheolach, nó baintear úsáid as "lann" go léir na teanga san fhuaimniú.
Scéal eile fós go gcaolaítear na consain sa Bhascais le mánlacht nó beagmhéid a chur in iúl. Mar shampla, is madra beag é txakur, ach is madra mór suaithní é zakur, agus is braoinín beag bídeach é ttantta (seasann an t dúbailte don t chaol), ach is braon réasúnta mór uisce é tanta.
Tá gramadach na Bascaise casta go maith, agus is minic a deirtear go bhfuil sí ar cheann de na teangacha is deacra sa domhan. Is dócha gur áibhéil é seo, áfach. Tá an Bhascais saibhir sna tuisil, agus thar aon rud eile, tá tuiseal oibríoch ann —tuiseal a úsáidtear le hainmní an bhriathair aistrigh a chur in iúl, agus an tuiseal ainmneach teoranta d'ainmní an bhriathair neamhaistrigh agus do chuspóir an bhriathair aistrigh. Dá mbeadh an córas céanna in úsáid sa Ghaeilge, déarfá "ritheann sé" i gcónaí, ach in áit "buaileann sí é", chaithfeá rud éigin a rá cosúil le "buaileann sí-ERG sé"—seasann "sí-ERG" don fhoirm speisialta den fhorainm "sí" a chaithfeá a chur anseo (ERG = ergative, nó tuiseal oibríoch).