An Nollaig

Baineann an t-alt seo le féile Chríostaí na Nollag. Tá eolas faoi Mí na Nollag le fáil ar leathanach eile.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Nollaig
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállá féile Críostaí
saoire phoiblí
federal holiday in the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séBreith Chríost Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMórfhéilte na hEaglaise Ceartchreidmhí agus aimsir na Nollag Cuir in eagar ar Wikidata
25 Nollaig (an Eaglais Chaitliceach Rómhánach)
December 25 (en) Aistrigh
19 Eanáir (Armenian Patriarchate of Jerusalem (en) Aistrigh)
24 Nollaig (an Danmhairg, an tSualainn, an Ghearmáin)
6 Eanáir
Koiak 29 (en) Aistrigh
7 Eanáir Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Haischlib#Christmas, #Xmas agus #Weihnachten Cuir in eagar ar Wikidata

Saoire i bhféilire na Críostaíochta is ea an Nollaig (ón Laidin: Natalis), fhéile bhliantúil lena gceiliúrtar breith Íosa Críost ar an 25 Nollaig.[1]

De réir na soiscéal, rugadh Íosa don Mhaighdean Muire sa Bheithil, áit a raibh sí féin agus a fear céile Iósaf ar lóistín i ndiaidh dóibh an áit a bhaint amach le clárú i ndaonáireamh Rómhánach. De réir mar a deir lucht leanúna na Críostaíochta, tháinig tairngreacht na bhfáithe Giúdacha isteach fíor nuair a rugadh Íosa, nó bhí sé sa tairngreacht go dtiocfadh Slánaitheoir de theach agus de threabhchas Dháiví chun an saoil. Inniu, is saoire mhór phoiblí í an Nollaig ar fud an domhain, fiú ina lán de na tíortha nach bhfuil cónaí ar mhórán Críostaithe iontu. Ábhar mór díospóireachta é i gcónaí, cén t-am a saolaíodh Íosa i ndáiríre, nó níl na saineolaithe cinnte faoin mbliain cheart féin.

An Triúr Saoithe ag tabhairt cuairte ar Íosa Críost ar Oíche Nollag Bheag tar éis a bhreithe lá Nollag
  1. "An Foclóir Beag: Nollaig" (ga). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-12-24.

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne