svenska | |
---|---|
![]() | |
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 9,244,250 (2012) |
Dúchasach do | Gleann Kymi, An Ostrabóitne agus an tSualainn |
Stáit | an tSualainn, an Fhionlainn agus Oileáin Åland |
![]() | |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Gearmáinice teangacha Gearmáinice Tuaisceartacha Scandinavian languages (en) ![]() East Scandinavian (en) ![]() | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus Swedish alphabet (en) ![]() |
Institiúid caighdeánaithe | Swedish Language Council (en) ![]() |
Staidéar ag | Scandinavian studies (en) ![]() |
Stair | history of Swedish (en) ![]() |
Cóid | |
ISO 639-1 | sv |
ISO 639-2 | swe |
ISO 639-3 | swe |
Glottolog | swed1254 |
Ethnologue | swe |
ASCL | 1504 |
IETF | sv |
Ceann de na teangacha Lochlannacha, nó na teangacha Gearmáinice Thuaidh, is ea an tSualainnis (svenska, svenska språket, mar a deir lucht labhartha na teanga féin). Labhraíonn timpeall naoi milliún duine an teanga sa tSualainn agus ar fud chóstaí na Fionlainne. An duine a bhfuil an tSualainnis go paiteanta aige, is féidir leis adhmad maith a dhéanamh den chaint Ioruaise, ach cuireann fuaimniú aisteach na Danmhairgise go mór isteach air an teanga labhartha a thuiscint, cé go bhfuil an Danmhairgis scríofa sothuigthe go leor aige. Tugtar rikssvenska, nó "Sualainnis na Ríochta", ar an teanga chaighdeánaithe a úsáidtear sna meáin chumarsáide, agus í bunaithe ar na canúintí a labhraítear timpeall Stócólm agus sa ghleann timpeall an locha Mälaren. Mar sin féin, níl sé as an ngnáth canúintí tuaithe a chloisteáil ar an raidió ó am go ham.
Cé go n-imríonn na canúintí áitiúla a dtionchar féin ar an tSualainnis labhartha in áiteanna éagsúla sa tír, ní bhíonn na difríochtaí mór, a fhad agus atá an teanga scríofa nó an chaint ghalánta i gceist. In áiteanna iargúlta, áfach, is féidir teacht ar chanúintí atá sách doiligh le tuiscint ag an muintir isteach, agus iad difriúil leis an teanga chaighdeánach ó thaobh an fhoclóra, na gramadaí agus na bhfuaimeanna de. I rith na fichiú haoise, áfach, chúngaigh an t-uirbeachas agus bánú na tuaithe go mór mór ar na canúintí seo, agus an teanga ag éirí níos aonchineálaí in aghaidh an lae de réir mar atá na cathracha ag sú chucu daoine ón tuaith.