Cathair in Alasca, SAM, is ea Utqiaġvik (IPA: ut.qe.ɑʁ.βik),[1] ar a dtugtar Barrow go minic fós, an chathair is mó i mBuirg Fána Taobh Thuaidh. Tá an baile suite taobh thuaidh den Chiorcal Artach. Is é Utqiaġvik an 11ú lonnaíocht shibhialta is faide ó thuaidh ar domhan agus is é an chathair is faide ó thuaidh sna Stáit Aontaithe. Is é Rinn Barrow an pointe is faide ó thuaidh sa tír. Bhí 4,683 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2000 agus 4,212 sa bhliain 2010.
- ↑ "Barrow's new name is its old one, Utqiaġvik. Local Iñupiaq leaders hope its use heals as it teaches.".