(en) the Barsroom series (en) the Martian series (en) the Mars series ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Cineál | sraith úrscéalta ![]() |
Cárta innéacs | |
Údar | Edgar Rice Burroughs ![]() |
Teanga | Béarla ![]() |
Foilseachán | Stáit Aontaithe Mheiriceá, 1912 |
Tréith | |
Seánra | ficsean eolaíochta, fantaisíocht, science fantasy (en) ![]() ![]() ![]() |
Carachtair | |
Suíomh scéalaíochta | Mars ![]() |
Barsoom an t-ainm a bhaist an scríbhneoir Meiriceánach Edgar Rice Burroughs ar Mhars ina shraith d'úrscéalta éadroma faoi eachtraí an laoich John Carter ar an bpláinéad dearg. Cé go raibh ráchairt mhór ar na húrscéalta seo lena lá, agus tionchar acu ar fhorbairt an fhicsin eolaíochta, go háirithe ar an gcineál scéalaíochta ar a dtugtar ceoldráma spáis, is beag iarracht a rinneadh leis na húrscéalta seo a stáitsiú mar scannáin nó ar an teilifís. Baineadh i bhfad ní ba mhó úsáid as Tarzan, laoch eile a tháinig ó pheann Bhurroughs, ná as John Carter, sa scannánaíocht, ar an teilifís agus sna greannáin. Is dócha nár lig rialúcháin Hollywood do na stiúrthóirí scannáin an oiread sin lomnochtachta a thaispeáint ar an scáileán, nó cuireann Burroughs béim air uair i ndiaidh a chéile nach gcaitheann na mná féin ar Bharsoom ach seodra - gan oiread is scriosán éadaigh orthu.