Duine d’Aithreacha Bunaithe (Béarla: Founding Fathers) na Stát Aontaithe ba ea Benjamin Franklin (17 Eanáir 1706 (6 Eanáir 1706 sa tseanstíl)[1] – 17 Aibreán 1790). Ileolaí agus duine tréitheach a bhí ann: clódóir, údar agus aorthóir, eolaí, polaiteoir, gníomhaire i saol an phobail, státaire iomráiteach, ceapadóir bisiúil, agus taidhleoir. Pearsa na hEagnaíochta par excellence ba ea é.