|
|||||
![]() ![]() | |||||
Ainmnithe in ómós | Black Sabbath ![]() | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | banna trom-mhiotail ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1968, Birmingham ![]() | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 2017 ![]() | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
2011 | athaontú ![]() | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Tréimhse oibre | 1968 – 2022 | ||||
Lipéad ceoil | Vertigo Records Warner Bros. Records I.R.S. Records Sanctuary Records Universal Music Group Mercury Records Virgin EMI Records Warner Music Group ![]() | ||||
Seánra | Ceol trom-mhiotalach, ceol miotal trom traidisiúnta, doom metal (en) ![]() ![]() | ||||
Codanna | |||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | blacksabbath.com ![]() | ||||
Is banna rac-cheoil as Birmingham, Sasana é Black Sabbath. Ba iad Tony Iommi (giotár), Geezer Butler (dordghiotár), Bill Ward (drumaí) agus Ozzy Osbourne (príomhamhránaí) a thosaigh an banna sa bhliain 1968, agus ó shin i leith is iomaí athrú atá ar na baill ann, rud a fhágann go bhfuil oiread is beirt iarbhall fichead acu go nuige seo. Agus iad ina mbanna gormacha/rac-cheoil throm darbh ainm Earth ar dtús, thosaigh an banna ag cur isteach liricí a fuair a n-ionsparáid san uafás agus san asarlaíocht ina gcuid amhráin, mar aon leis na giotáir a thiúineáil síos. D'athraigh siad an t-ainm go Black Sabbath agus d'fhoilsigh siad iliomad ceirníní órga is platanaim sna 1970idí.
Agus iad ar cheann de na bannaí trom-mhiotail is mó tionchair ar fad, chabhraigh Black Sabbath leis an seánra a shainmhíniú le foilsúcháin ar nós Paranoid sa bhliain 1970 atá ina albam platanaim faoi cheathair. Tá os cionn 100 milliún albam díolta ag Black Sabbath ar fud na cruinne, agus tá siad rangaithe ag uimhir a haon ar an gcairt Greatest Metal Bands de chuid MTV. Briseadh Ozzy Osbourne as an mbanna i 1979, agus cé gur ghlac iar-amhránaí Rainbow Ronnie James Dio a áit, bheadh neart ball eile sa bhanna amach ansin sna 1980aidí agus sna 1990aidí, a raibh amhránaithe ar nós Ian Gillan, Glenn Hughes, Ray Gillen agus Tony Martin ina measc.