Ceol todhchaíoch Francach sna 1920idí inar bhain na cumadóirí feidhm as crag-ghléasanna is leictreonaic chun innealra a chur in iúl. Mar shampla, ina Ballet Mécanique (Bailé Meicniúil, 1926) bhain Antheil feidhm as 8 bpianó, pianó meicniúil, 4 shiolafón, dhá chlog leictreacha, dhá lián eitleáin, tamtam, 4 dhord-druma, agus bonnán.[1]