Caladbolg

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, ba chlaíomh Fhearghasa mhic Róigh é Caladhbholg[1] (Sean-Ghaeilge Caladbolg[2]), gaolmhar le Caledfwlch i Litríocht na Breataine Bige, agus Excalibur[3] sa Matter of Britain.[4][5][6] Scríofa scaití Caladcholg ("claíomh crua"), tá sé nasctha chomh maith le laoch níos aduaine na nUladh Fearghas mac Léite, a mholann cónaidhmiú dhá seanscéal. Dúradh gur chlaíomh dhá-láimh é a dhéanadh ciorcal ar nós bogha ceatha agus é á luascadh; go mbíodh an cumhacht aige chun mullaigh na gcnoc a bhaint díobh; agus go ndéanadh ár agus eirleach ar arm iomlán.

  1. caladh3 ar teanglann.ie FGB
  2. 2 calad Compds ar eDIL
  3. Excalibur ar etymonline.com
  4. Tá an t-ainm le fáil san iolra mar fhocal cineálach do "claimhte móra" insan aistriúchán Gaelach de chuid na 10ú haoise ar an scéal Clasaiceach, Toghail na Traí
  5. Thurneysen, R. "Zur Keltischen Literatur und Grammatik", Zeitschrift für celtische Philologie, Iml. 12, lch. 281 ff.
  6. O'Rahilly, T. F., Early Irish history and mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath , 1957, lch. 68

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne