Séard atá sa chalcalas ná bealach matamaiticiúil chun cur síos a dhéanamh ar rátaí athraithe. Baintear úsáid as an gcalcalas ins an bhfisic, ins an mheicnic ach go háirithe, i staidéar na heacnamaíochta, agus i neart brainsí eile den eolaíocht. Tugtar sainmhíniú ar fheidhm sa chalcalas agus leagtar amach bealach chun ráta athraithe na feidhme sin a ríomh. Glaotar an calcalas difreálach air seo. Ar an láimh eile, má tá ráta athraithe ar eolas, tá bealach ann chun an fheidhm a ríomh, agus is é seo an calcalas suimealach. Tá teoirim ann a deireann gur inbheartú é an calcalas suimeálach agus difreálach, agus is é seo bunteoirim an chalcalais.