Cath Chnoc Tua

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Chnoc Tua
Cineálcath
Dáta19 Lúnasa 1504
ÁitLeacach

Is éard a bhí i gceist le Cath Chnoc Tua ná cath a chuir na Búrcaigh agus a gcomhghuaillithe ar na Gearaltaigh agus a gcomhghuaillithe ar a chéile ar an 19 Lúnasa 1504 i Leacach i gContae na Gaillimhe.

Troid an-fhuilteach a thit amach idir na fórsaí móra seo. Deir Annála Ríochta Éireann go ndearna Uilleag de Búrca trí chaisleán de chuid Mhaoilseachlainn Uí Cheallaigh (Garbhdhoire, Muine an Mheá agus Gallach) a bhriseadh. Rinne an Ceallach gearán le Gearóid Mór Mac Gearailt, Iarla Chill Dara agus Fear Ionaid an Rí.[1] Chuaigh fórsaí an Iarla agus arm Mhic Uilleam Clainne Riocaird (páirtí Bhúrcaigh an iarthair) i gcath ag Cnoc Tua, agus deirtear gur fágadh an áit ina cosair chró le hiliomad "na sciath arna scoilteadh, na gclaimhte catha arna mbloghadh, na gcolann ciorraithe crosbhuailte", go háirithe láimh le hAbhainn an Chláir i mbaile fearainn Bhaile Uí Bhróin. An Gearailteach agus a chairde a bhain an cath úd.[2][3]

  1. Annála Ríochta Éireann, M1504.13: http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html
  2. Annála Ríochta Éireann, M1504.14: http://www.ucc.ie/celt/published/G100005D/index.html
  3. McCollough (eag.), Wars of the Irish Kings, lgh 239-244.

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne