Ceamara an-simplí a bhí an-suntasach ag tús an 20ú céad chun eolas is cleachtadh praiticiúil ar an ngrianghrafadóireacht a scaipeadh i measc an phobail. Bosca dronuilleogach, ag cuimsiú rolla scannáin fhótagrafaigh, cúlaithe le páipéar is castóir seachtrach chun an scannán a chur ar aghaidh. Lionsa amháin ann le fócasú fosaithe, agus comhla don nochtadh láithreach. Ceamara mar seo ab ea ceamara bunúsach Kodak a táirgeadh den chéad uair i 1888, agus an Box Brownie a tháinig ar an margadh i 1900.[1]