Is éard is ceannairc ann ná éirí amach i measc grúpa daoine (go hiondúil rannóg mhíleata nó foireann loinge) chun cur i gcoinne na ndaoine os a gcionn, nó a gcuid orduithe. Úsáidtear an téarma go coitianta ar easumhlaíocht a dhéanann saighdiúirí in aghaidh oifigeach (mar shampla Ceannairc an Churraigh[1] nó an Cheannairc Indiach[2]), ach is féidir an focal a úsáid ar aon éirí amach in aghaidh grúpa atá i réim.
Le linn Ré na Fionnachtana, is minic gur éirí amach i gcoinne captaen loinge a bhí i gceist le ceannairc. Tharla sé seo, mar shampla, le linn aistir Fernão de Magalhães timpeall an domhain, ar an Discovery (long Henry Hudson), agus an cheannairc cháiliúil ar an Bounty.