Baile i gContae Cheatharlach is ea Ceatharlach[1] (Carlow) in oirhdheisceart na hÉireann, 85 km ó Bháile Átha Cliath. Bhí daonra 24272 ann in 2016.
Ritheann Abhainn an Bearú trí lár an bhaile, an tseanteorainn stairiúil idir Chontae Laoise agus Contae Cheatharlach. Dá ainneoin sin, áiríodh an baile iomlán mar chuid de Chontae Cheatharlach san Acht Rialtais Áitiúil (Éire) 1898. Bunaíodh an chéad lonnaíocht i gCeatharlach na mílte bliain ó shin, roimh stair scríofa na hÉireann. Tá ról mór ag an mbaile i stair na hÉireann, agus bhí sé mar phríomhchathair na tíre sa 14ú céad.
- ↑ “Ceatharlach/Carlow | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.