Ceol

Nótáil ceoil Pyotr Ilyich Tchaikovsky - coinséartó bpianó

Is éard atá i gceist le ceol ná leanúint ordúil fuaimeanna d'airdí ar leith, leis na comhpháirteanna seo: séis, armóin, agus rithim. Beagnach chomh tábhachtach le nádúr bunúsach an cheoil atá fuaimniú, a chuimsíonn dinimic, míriú is beocht an léirithe féin, chomh maith le húsáid chruthaitheach an chiúnais ag an gcumadóir. Tá aireachtáil an cheoil iontach casta, meascán den chuimhne leis an aireachtáil dhíreach. Is féidir go spreagfaidh ceol mothúcháin dhoimhne agus freagairtí fisiciúla colainne is intinne.[1]

Féadann na fuaimeanna a nglactar leo mar cheol athrú de réir ré na staire agus an chultúir, ach glactar leis de ghnáth gur ceart na fuaimeanna a bheith eagraithe go comhfhiosach ag duine nó grúpa daoine.

Tá mórán ceoil comhdhéanta de thoin (a chomharthaítear le nótaí ceolmhara) le hairdí cinnte. Déanann toin dhifriúla a sheinntear mar thon i ndiaidh toin séis, agus déanann toin seinnte go comhuaineach cordaí agus armóin. Tá fuaimeanna gan airde déanta le cnagadh go minic. Is í an rithim eagrú tomhaiste na gcodanna sin.

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne