Is polaiteoir Sasanach é Christopher Heaton-Harris MP (a rugadh ar an 28 Samhain 1967), agus ball den Pháirtí Coimeádach. Ceapadh é mar Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann ar 6 Meán Fómhair 2022.[1][2]
D’fhóin sé roimhe seo mar Phríomh-Aoire an Rialtais i dTeach na dTeachtaí agus mar Rúnaí Parlaiminte don Státchiste ó mhí Feabhra go Meán Fómhair 2022.
Tá Heaton-Harris go mór i bhfábhar Brexit agus é ina Chathaoirleach le 6 bliana anuas ar an European Research Group – an grúpa d'fheisirí parlaiminte sa bPáirtí Caomhach a bhí i mbun feachtais ar son na Breatimeachta.