Is baile i gContae Thiobraid Árann in Éirinn í Cluain Meala.[1] Bhí daonra de 17,908 sa bhaile dar le daonáireamh na bliana 2011. Is é Cluain Meala an baile is mó sa Chontae. Is baile suntasach í Cluain Meala i stair na hÉireann de bharr na frithbheartaíochta láidir a tharla ann in Aibreán - Bealtaine 1650 i gcoinne airm Chromail. Sníonn abhainn na Siúire tríd an bhaile. Tá sléibhte agus coillte sa cheantar máguaird, Sliabh na mBan agus Na Comhracha san áireamh.
- ↑ “Cluain Meala/Clonmel | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.