Arab–Israeli Wars (en) ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Cineál | cogadh |
Ainmnithe in ómós | Yom Kippur |
Dáta | 6 – 26 Deireadh Fómhair 1973 |
Áit | an Neasoirthear, Canáil Suais, Arda Golan, Leithinis Síonáí agus an Meánoirthear |
Rannpháirtithe | Iosrael, an Éigipt, an tSiria, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Pakistan Air Force (en) ![]() |
Bhris Cogadh Yom Kippur amach an 6 Deireadh Fómhair 1973, nuair a d’ionsaigh na Siriaigh (le meithleacha ón Iaráic, ó Iordáin, ón Araib Shádach agus ó Mharacó) fórsaí Iosraelacha in Arda Golan, agus ag an am céanna, d’ionsaigh an Éigipt iad feadh na Canála Suais.[1][2]
I ndiaidh beagnach trí seachtaine de chomhrac, inar cailleadh timpeall 21,000 duine,[3] comhaontaíodh sos comhraic an 22 Deireadh Fómhair - cé gur lean fórsaí Iosraelacha an Ginearáil Sharon orthu i mbun ionsaithe go dtí an 24 Deireadh Fómhair.