Coleg Cymraeg Cenedlaethol

Marc Haynes, Mai 2014
Bosca Sonraí EagraíochtaColeg Cymraeg Cenedlaethol
Sonraí
Cineálollscoil
carthanas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícarthanas Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Suíomh a chartlainne
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe23 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán6,143,000 £ (2018) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincolegcymraeg.ac.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: ColegCymraeg X: colegcymraeg Instagram: dyddyfodoldi Cuir in eagar ar Wikidata

I gcomhpháirtíocht le hollscoileanna sa Bhreatain Bheag, cuireann Y Coleg Cymraeg Cenedlaethol (Gaeilge:Coláiste Náisiúnta na Breatnaise) ardoideachas ar fáil do mhic léinn trí mheán na Breatnaise . Tá sé mar aidhm ag an gcoláiste chónaidhme seo líon na mac léinn a dhéanann staidéar ar chúrsaí trí mheán na Breatnaise a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil an tacaíocht do na scoláirí sin, cáilíocht an oideachais, agus eispéiris staidéir na scoláirí, ar an gcaighdeán is airde. Faoi mhí na Samhna 2015 bhí 115 léachtóir fostaithe ag an gColáiste.[1] Is é an Dr Ioan Matthews Príomhfheidhmeannach an Choláiste agus is é an Dr Dafydd Trystan a Chláraitheoir .


Bunaíodh Y Coleg Cymraeg Cenedlaethol sa bhliainn 2011 chun oibriú le hollscoileanna sa Bhreatain Bheag, chun cúrsaí agus acmhainní Breatnaise a fhorbairt do mhic léinn. Níl a champas féin ag an gColáiste, ach oibríonn sé trí roinnt ‘craobhacha’ ar fud na n-ollscoileanna sa Bhreatain Bheag.


Is í aidhm na gcraobhacha tacú le hobair an Choláiste agus feidhmiú mar phointe teagmhála áitiúil do mhic léinn. Tá méadú suntasach tagtha le cúpla bliain anuas ar rogha na gcúrsaí trí mheán na Breatnaise atá á dtairiscint. Tá os cionn 500 céim éagsúil ar fáil anois do mhic léinn trí mheán na Breatnaise, mar aon le 150 scoláireacht fochéime a bhronntar ar mhic léinn gach bliain. Seo an chéad uair a bhfuil sé de rún ag comhlacht ar bith cúrsaí céime trí mheán na Breatnaise a phleanáil go náisiúnta do mhic léinn.


Féachann an Coláiste le níos mó deiseanna staidéir a chur ar fáil do mhic léinn trí mheán na Breatnaise, le léachtóirí nua trí mheán na Breatnaise a oiliúint, le modúil agus acmhainní den chéad scoth a fhorbairt do mhic léinn trí mheán na Breatnaise agus le scoláireachtaí fochéime agus iarchéime a mhaoiniú.

Le blianta beaga anuas tá na modúil a chuirtear ar fáil ag an am céanna i níos mó ná ollscoil amháin tar éis éirí níos suntasaí, le roinnt samplaí rathúla i réimsí na nEolaíochtaí Comhshaoil, na dTionscal Cruthaitheach, an Dlí, an Cheoil, na Staire agus na dTeangacha Nua-Eorpacha .

  1. Cyfri Trydar y Coleg Cymraeg; dáta rochtana 10 Samhain, 2015

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne