An próiseas chun pósadh nó aontas pósta a fhoirceannadh é colscaradh, ar a dtugtar freisin díscaoileadh an phósta. De ghnáth bíonn i gceist leis an colscaradh dualgais agus freagrachtaí dlíthiúla an phósta a chealú nó a atheagrú, agus ar an gcaoi sin bannaí an phósta idir lánúin phósta a dhíscaoileadh faoi riail dlí na tíre nó an stáit áirithe. Tá difríochtaí móra idir dlíthe colscartha ar fud an domhain,, ach i bhformhór na dtíortha éilíonn an colscaradh ceadú cúirte nó údaráis eile i bpróiseas dlí, a bhféadfadh saincheisteanna a bheith i gceist maidir le dáileadh maoine, cúram leanaí, ailiúnas (taca chéile),cuairt / rochtain ar leanaí, am tuismitheoireachta, taca leanaí, agus roinnt an fhéich. I bhformhór na dtíortha, éilítear an monagamas de réir dlí, mar sin ligeann an colscaradh do gach iarpháirtnéir duine eile a phósadh.
Nuair a chliseann orthu siúd atá i gcaidreamh faoin dlí coiteann, tugtar scaradh air, seachas colscaradh.[1]
Tá an colscaradh difriúil ón neamhniú, a dhearbhaíonn an pósadh a bheith ar neamhní go hiomlán, nó idirscaradh dlíthiúil nó scaradh de jure (próiseas dlí trína bhféadfaidh lánúin phósta scaradh de facto a fhoirmiú go foirmiúil agus iad fós pósta go dlíthiúil) nó le scaradh de facto (próiseas ina bhfuil stopann na céilí go neamhfhoirmiúil le chéile). Athraíonn fáthanna na gcolscarthaí, ó neamh-chomhoiriúnacht ghnéasach nó easpa neamhspleáchais do chéile amháin nó don bheirt chéile go dtí clonscairt phearsantachta .[2]
Is iad na hOileáin Fhilipíneacha, Cathair na Vatacáine agus Spleáchas Corónach na Breataine Sark na tíortha amháin nach gceadaíonn colscaradh. Sna hOileáin Fhilipíneacha, níl an colscaradh do Fhilipínigh neamh-Mhoslamacha dlíthiúil mura neachtrannach an fear céile nó an bhean chéile agus má shásaíonn sé/sí coinníollacha áirithe.[3]
Is stát eaglasta í Cathair na Vatacáine, nach bhfuil aon nós imeachta ann maidir leis an cholscaradh. Is iad na tíortha a bhfuil an colscaradh dleathach acu le déanaí ná an Iodáil (1970), an Phortaingéil (1975, cé go raibh sé indéanta ó 1910 go 1940 don phósadh sibhialta agus reiligiúnach), an Bhrasaíl (1977), an Spáinn (1981), an Airgintín (1987), Paragua (1991),[4] an Cholóim (1991; ó 1976 ach amháin do dhaoine nach Caitlicigh iad), Andóra (1995), [5] Éire (1996), an tSile (2004) agus Málta (2011).