![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Tugtar na Comhghuaillithe nó na Náisiúin Comhghuaillithe ar na tíortha a throid in aghaidh na [[Cumhachtaí Láir|gCumhachtaí Láir] sa Chéad Chogadh Domhanda agus in aghaidh Chumhachtaí na hAise sa Dara Cogadh Domhanda. Ba iad an "Ceathrar Mór" na príomhbhaill a bhí sa dá chogaidh ná Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc agus an Rúis/Aontas na Sóivéide. Cé go raibh siad ina gcomhghuaillithe le chéile, níor mhair na dea-ghaolta eatarthu
I rith an Chéid Chogadh Dhomhanda, throid an Bheilg, an tSín, an Ghréig, an tSeapáin, Montainéagró, an Phortaingéil, an Rómáin agus an tSeirbia in aghaidh na gCumhachtaí Láir chomh maith. Bhí an Iorua ar son na gcomhghuaillithe chomh maith, cé nach raibh siad sa chogadh go díreach.
I rith an Dara Cogaidh Dhomhanda, throid a lán daoine sa chogadh ó na tíortha a shealbhaigh an Ghearmáin, an Fhrainc Shaor mar shampla. Throid daoine ó choilíneachtaí na Fraince, na Breataine agus na hÍsiltíre chomh maith, fiú nuair a bhí a dtíortha féin sealbhaithe.