Brat
Is contae í Cill Dara nó Contae Chill Dara[1] atá suite in oirthear na hÉireann, i gCúige Laighean, ar an taobh thiar theas de Bhaile Átha Cliatha.
D'fhás daonra oirthir an chontae sna blianta beaga anuas; mhéadaigh an méid tí sna Solláin (bruachbhaile de chuid Nás na Rí) faoi sé ó lár na 90í.
Tá teorainneacha ag an gcontae le Ceatharlach, Laois, An Mhí, Uíbh Fhailí, Cill Mhantáin agus Contae Átha Cliath.
Is í Comhairle Chontae Chill Dara an t-údarás áitiúil.
- ↑ “Contae Chill Dara/Kildare | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.