Is contae in oirdheisceart Texas é Harris. Is é Houston príomhbhaile an chontae agus an chathair is mó sa chontae. Is é contae Harris an contae leis an daonra is airde in Texas agus is é an contae leis an tríú daonra is airde as S.A.M. ar fad. Bhí 4,092,459 duine ag maireachtaint sa chontae sa bhliain 2010, suas ó 3,400,578 duine sa bhliain 2000. Ba Bhéarla an phríomhtheanga ag 58.3% de na daoine sa bhliain 2010 ,ba Spáinnis an phríomhtheanga ag 33.7%, ba Vítneaimis an phríomhtheanga ag 1.9% agus ba Sínis an phríomhtheanga ag 1.1%. Ba í an Ghaoluinn an phríomhtheanga ag 89 duine sa chontae sa bhliain 2000.