![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Gaillimh (ga) Galway (en) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht ![]() | ||||
Príomhchathair | Gaillimh ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 258,058 (2016) ![]() | ||||
• Dlús | 41.97 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 6,149 km² ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Cathaoirleach of County Galway (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Contae na Gaillimhe ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-G ![]() | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100015 | ||||
Suíomh gréasáin | galway.ie… ![]() |
Tá Contae na Gaillimhe[1] i gCúige Chonnacht in iarthar na hÉireann. Tá taobh thoir an chontae buailte leis an tSionainn, agus tá talamh measartha maith sa chuid sin den chontae agus i ndeisceart an chontae. Tá an talamh in iarthar an chontae garbh don chuid is mó, agus é buailte idir sléibhte agus an fharraige. In iarthuaisceart an chontae tá Loch Coiribe agus Loch Measca. Idir an dá loch seo tá Cunga Fheichín, agus aistear an-ghearr ón mbaile tá Maigh Tuireadh, áit ar troideadh cathanna ollmhóra san am réstairiúil. I measc na sléibhte áirgiúla tá na Beanna Beola agus Sléibhte Mhám Toirc.
Tá a lán cladaí beaga ar an gcósta thiar, chomh maith le hoileáin intíre sa chuid sin ar a dtugtar Conamara. Tuairim agus 10 km ó dheas as Conamara, idir é agus Contae an Chláir, tá Oileáin Árann.
Is í cathair na Gaillimhe an baile is mó sa chontae agus i gCúige Chonnacht.