Counting Crows

Bosca Sonraí EagraíochtaCounting Crows
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1991, San Francisco Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Tréimhse oibre1991 –
Lipéad ceoilCapitol Records
Cooking Vinyl
Geffen Records Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraRac malartach, rac-cheol, pop rac agus iarghrúinse Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Codanna
Adam Duritz
Dan Vickrey
Charlie Gillingham
David Immerglück
David Bryson (en) Aistrigh
Steve Bowman (en) Aistrigh (1991–1994)
Matt Malley (en) Aistrigh (1991–2005)
Ben Mize (en) Aistrigh (1994–2002)
Jim Bogios (en) Aistrigh (2002–)
Millard Powers (2005–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáincountingcrows.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: countingcrows X: countingcrows Instagram: countingcrows Youtube: UC7ZujKO4WDplOaj4wpYDyVQ Soundcloud: countingcrows Spotify: 0vEsuISMWAKNctLlUAhSZC Apple Music: 35719 Last fm: Counting+Crows Musicbrainz: a0327dc2-dc76-44d5-aec6-47cd2dff1469 Songkick: 32530 Discogs: 262643 Allmusic: mn0000128495 Deezer: 321 Cuir in eagar ar Wikidata

Is banna rac-cheoil iad Counting Crows as Limistéar Bhá San Francisco, California i Meiriceá. Bunaíodh an banna i 1991 agus is iad Adam Duritz (amhránaí), David Bryson (giotáraí), Jim Bogios (drumadóir), Charlie Gillingham (méarchláraí), David Immerglück (ionstraimí), Millard Powers (dordghiotáraí) agus Dan Vickrey (giotáraí) baill an ghrúpa. [1]

Tháinig an-tóir ar Counting Crows i 1993 nuair a eisíodh a gcéad albam, August and Everything After. Glacadh go maith lena gcéad singil (Mr. Jones) agus dhíol an chéad albam seacht milliún cóip sna Stáit Aontaithe. Shroich an t-albam iarshaothar Recovering the Satellites uimhir a haon sna cairteacha Billboard 200 sna Stáit Aontaithe agus shroich sé uimhir a haon i roinnt tíortha eile fosta. Chomh maith leis sin, d’éirigh go maith leo lena n-albam eile fosta.

I measc a gcuid amhráin cáiliúla tá Colorblind, Round Here, Rain King, A Long December, Mr. Jones agus leagan clúdaigh de Big Yellow Taxi le Joni Mitchell. [2] Fuair an banna dhá ainmniúchán ag na Gradaim Grammy i 1994. Sa bhliain 2004, fuair Counting Crows ainmniúchán Gradam Acadaimh don singil Accidentally in Love, a bhí sa scannán Shrek 2. Tá níos mó ná 20 milliún albam díolta ag an banna ar fud an domhain [3] agus tá cáil orthu as a léirithe beo dinimiciúla.

  1. Matzen (14 Meán Fómhair 2008). “Q&A with Counting Crows frontman Adam Duritz”. Sioux City Journal.
  2. "Counting Crows, Live team for '90s night in SF Bay Area" (en). Mercury News (2 Iúil 2018). Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2024.
  3. Counting Crows Sign With Capitol Records for New Studio Album”. The Hollywood Reporter (19 Bealtaine 2014).

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne