Is polaiteoir Briotanach é Damian Howard Green (rugadh 17 Eanáir 1956) a bhí ina Chéad-Státrúnaí agus ina Aire d’Oifig na Comh-Aireachta ó Mheitheamh go Nollaig 2017, sa Dara Aireacht de chuid Thersa May. Mar bhall den Pháirtí Coimeádach, bhí sé ina Fheisire Parlaiminte (FP) d'Ashford ó 1997.
Rugadh Green in Y Barri, Bro Morgannwg, an Bhreatain Bheag ar an 17 Eanáir 1956 agus rinne sé staidéar ar an bhfealsúnacht, polaitíocht agus eacnamaíocht i gColáiste Balliol, Oxford. Tar éis dó obair mar iriseoir don BBC, Channel 4 agus The Times, tháinig sé isteach sa Pharlaimint i dtoghchán 1997 trí shuíochán Ashford, Kent a bhaint amach.
D’fheidhmigh Green i roinnt post scáth-aireachta, lena n-áirítear an Scáth-Rúnaí Iompair agus an Scáth-Rúnaí Oideachais agus Scileanna. Tháinig sé chun suntais ar bhonn náisiúnta i mí na Samhna 2008 tar éis dó a bheith gafa agus tar éis gur thug póilíní ruathar faoina oifig pharlaiminteach, cé nár tugadh aon chás chun cinn. Bhí sé sa chomhrialtas Cameron-Colegg go dtí Iúil 2014, ar dtús mar Aire Stáit Inimirce agus ansin mar Aire Stáit Póilíneachta agus Ceartais Choiriúil.
Cheap an Príomh-Aire Theresa May Green mar Rúnaí Stáit um Obair agus Pinsin i mí Iúil 2016. Tar éis olltoghchán mhí an Mheithimh 2017, fuair sé ardú céime dó mar an Chéad-Státrúnaí agus ina Aire d’Oifig na Comh-Aireachta. Tar éis torthaí fiosrúcháin. ar líomhaintí go ndearna sé gnéaschiapadh ar bhean agus gur fhéach sé ar phornagrafaíocht ar ríomhaire oibre, a bheith foilsithe, fuarthas amach gur sháraigh sé an cód aireachta agus tugadh treoir dó éirí as an gComh-Aireacht i measc líomhaintí mhí-iompar gnéis i Westminster sa bhliain 2017. Rinneadh Cathaoirleach ar an One Nation Conservatives de, tar éis bhunú rialtas Boris Johnson i mí Iúil 2019. I mí Eanáir 2023, rinneadh Cathaoirleach Gníomhach den Choiste Digiteach, Cultúir, Meán agus Spóirt de tar éis do Julian Knight éirí as.I mí Eanáir 2023, rinneadh Cathaoirleach Gníomhach den Choiste um chúrsaí Digiteacha, Cultúir, Meán agus Spóirt (DCMS) de tar éis do Julian Knight éirí as.