Is iar-cheannaire ar an gComhaontas Glas é Éamon Ó Riain nó Eamon Ryan (a rugadh ar an 28 Iúil 1963).[1]
Ba Theachta Dála é ar son Bhaile Átha Cliath Theas idir 2002 agus 2011, agus ba é an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha é idir 2007 agus 2011. Bhí sé ina Theachta Dála, ar son Chuan Bhaile Átha Cliath Theas, ó Olltoghchán 2016, agus ina aire rialtais (ina Aire Comhshaoil, Aeráide, Cumarsáide agus Iompair) idir 2020-2024. Bhí sé ar dhuine de thriúr ceannairí an Chomhrialtais in éineacht leis an Taoiseach Simon Harris ó Fhine Gael agus an Tánaiste Micheál Martin ó Fhianna Fáil.[2]