Rapcheoltóir Meiriceánach is ea Marshall Bruce Mathers (Eminem), a rugadh in Saint Joseph, Missouri i SAM ar an 17ú Deireadh Fómhair, 1972. Tá go leor ainm ag Eminem mar shampla: Eminem, Slim Shady agus Marshall Mathers.
Nuair a bhí sé óg d'fhág a athair eisean agus a mháthair. Suas go raibh sé 12 bhliain d'aois bhog siad ó áit go háit, mar shampla St Joseph, Savannah, Missouri, agus Cathair Kansas. Ansin d'fhan siad i Warren, Michigan, lámh le Detroit. Ghlac sé an priomhpháirt, carachtar Jimmy "Bunny" Rabbit, sa scannán 8 Mile, a bhí bunaithe ar a shaol ag fás i nDetroit. Mar gheall ar an gceol a scríobh sé don scannán sin, bhuaigh sé Gradam Oscar, le haghaidh "Best Original Soundtrack" (Amhráin Oirigiúil is Fearr). Tá go leor albam ag Eminem, mar shampla, Relapse agus Encore. Phós sé Kim Scott sa bhliain 1999 ach bhí colscaradh acu i 2001. Phós siad arís sa bhliain 2006 agus fuair siad colscaradh eile arís trí mhí ina dhiaidh sin. Bhí páiste amháin acu, Haile Jade Scott-Mathers, agus tá Eminem ina thuismitheoir d'iníon Kim eile, iníon deirfiúr Kim agus a leas-dhearthair, Nathan.
Is iad na hamhráin is fearr uaidh, b'fhéidir, ná "Lose Yourself" agus "Just Lose It" ón albam Encore. Díoladh 10 míle cóip. Bhí saol crua aige agus ní raibh mórán airgid aige ach fós tháinig sé suas chun bheith ar dhuine de na ceoltóirí is fearr.
Seo iad na halbaim ba cháiliúla atá aige: "Slimshady LP" i 1999 agus "The Marshall Mathers LP" i 2000 agus "The Eminem Show" sa bhliain 2002. Ansin foilsíodh "Encore" i 2004 agus buaicalbam "Curtain Call" i 2005. Thóg sé sos ó cheol idir 2004-09 tar éis mharú a chara, Proof, i gclub oíche i nDetroit. Nuair a fhill sé, chuaigh a nua-albaim "Relapse" (2009) agus "Recovery" (2010) díreach go dtí #1.Mar bhall den ghrúpa Bad Meets Evil (le Royce da 5'9") rinne sé an talbam "Hell: The Sequel" i 2011. Foilsiodh an "Marshall Mathers LP 2" i 2013.
Rinne sé cúpla albaim eile leis a rapghrúpa D12 (seisear as Detroit): "D12 World" agus "Devil's Night". Chomh maith le sin, foilsíodh a chomhlacht ceoil, Shady Records, dhá albam leis: "The Re-Up" agus "Shady XV" (2014).