Fisiceoir is matamaiticeoir a rugadh i bhFaenza na hIodáile ab ea Evangelista Torricelli (1608 – 1647). Rinne sé taighde ar fholús. D'fhionn sé iarmhairt bhrú an atmaisféir ar uisce i gcaidéal suite. Chuir sé síos don chéad uair ar bhairiméadar, feadán Torricelli (1643).[1]