![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | FG ![]() | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas Críostaí Eorpachas coimeádachas liobrálach liobrálachas eacnamaíoch ![]() | ||||
Ailíniú polaitíochta | ar dheis ón lár ![]() | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 8 Meán Fómhair 1933 | ||||
Bunaitheoir(í) | Liam Tomás Mac Cosgair, Frank MacDermot agus Eoin Ó Dubhthaigh ![]() | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Páirtí Phobal na hEorpa ![]() | ||||
Ballraíocht | 21,000 (2016) ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Eile | |||||
Dath | ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | finegael.ie ![]() | ||||
Páirtí polaitíochta i bPoblacht na hÉireann is ea Fine Gael. Tá sé ar an dara páirtí is mó i rialtas na hÉireann: tá seisir airí sinsearacha acu as cúigear déag, agus tá ceannaire an pháirtí, Leo Varadkar, ina Thaoiseach i láthair na huaire. Fuair an páirtí 20.9% de na vótaí céad-rogha agus 35 suíochán Dála in Olltoghchán 2020, á chur ar an tríú páirtí is mó sa Dáil.
De réir mar a maíonn an páirtí féin, tá timpeall ar 30,000 duine ina mbaill d'Fhine Gael.[1] Inniu, dearctar go ginearálta ar Fhine Gael mar cheann de na páirtithe is faide ar an eite dheis de na páirtithe a bhfuil ionadaíocht acu i nDáil Éireann ó thaobh na heacnamaíochta de, agus iad ag tacú go mór le cánacha ísle agus polasaithe a thacaíonn leis na gnólachtaí.[2] Ar cheisteanna sóisialta, meastar go bhfuil Fine Gael níos liobrálaí ná príomhpháirtí traidisiúnta eile na hÉireann, Fianna Fáil, ach níos coimeádaí ná an chuid is mó de pháirtithe eite chlé na hÉireann.[2] Tacaíonn an páirtí go láidir le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, agus é ag cur in aghaidh Phoblachtánachas na láimhe láidre go tréan.
Tá siad ina mball de Pháirtí Eorpach an Phobail i bParlaimint na hEorpa, agus is iad na páirtithe Críost-daonlathacha, a bhíonn go ginearálta in san ghrúpa seo chomh maith, na páirtithe is cosúla le Fine Gael i mór-roinn na hEorpa.