Cineál | carachtar miotasach ![]() |
---|---|
Comhthéacs | |
I saothar | An Rúraíocht ![]() |
Dáta | |
Inscne | baineann ![]() |
Muintir | |
Máthair | Méabh ![]() |
Athair | Ailill mac Máta ![]() |
Sa Rúraíocht, b'iníon í Fionnabhair (Sean-Ghaeilge Findabair, Finnabair) d'Ailill agus do Mhéabh, rí agus banríon Connacht.[1] I ndeireadh na dála, ba chúis báis de chéadta fear iad a háilleacht agus a mealltacht.
Cé nach bhfuil ardmheas inti mar phríomhphearsa sna seanscéalta, bhí gnó géibheannach ag Finnabair san eipic Táin Bó Cuailgne. I rith an chogaidh, tairgeadh a lámh mar cheiliúr pósta do laoch i ndiaidh laoich, mar chúiteamh ar dhul i gcomhrac aonair le Cú Chulainn. Chuir sise agus a máthair iallach ar Fherdia troid leis, a deartháir altrama agus a dhlúthchara grá geal. Maraíodh é i mbun troda, leis an nGáe Bulg Chú Chulainn.