Forbairt inchinne sa leanbh

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarForbairt inchinne sa leanbh
Cineálorganism system development (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Suíomhnéarchóras Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
UMLS CUIC1160368 Cuir in eagar ar Wikidata
Forbairt chognaíoch (Piaget)

Is fíorbheag é an tuiscint ar an inchinn agus conas a fhoghlaimíonn sí ábhair chomh casta le loighic, moráltacht, is mothúchán. Is eol, áfach, go mbíonn an inchinn á cumadh is á heagrú fós tar éis breithe.

Bíonn i bhfad níos lú sionapsaí — na ceangail idir cealla néarógacha — ag leanbh an-óg ná ag duine fásta. Ag aois a 2 bíonn an oiread céanna sionapsaí acu. Ag aois 4-10 bíonn farasbarr díobh ag an bpáiste thar an duine fásta, agus faoi 16 bhliain bíonn líon an duine fhásta ag an duine óg arís.

Ní fios cén bhaint a bhíonn ag géinte is cleachtaí leis an bhforbairt seo, ná cé na cleachtaí atá inmholta d'fhonn an inchinn a fhorbairt oiread agus is féidir. Ó thaobh fiseolaíochta de, tá an-chuid taighde ag díriú ar choirtéis an éadain san inchinn, a bhíonn an-ghníomhach ina meitibileacht ag aois 6 mhí-2 bhliain, agus arís le linn caithreachais, rud a d'fhéadfadh a bheith bainteach le forbairt mhothúchánach nó chognaíoch.

Aisteach go leor, bíonn an maothán clé gníomhach nuair a mhothaíonn an duine óg sonas, áthas nó spéis, ach an maothán deas a bhíonn san áireamh agus mothú diúltach aici/aige. Meastar uaidh sin go dtéann cleachtaí áirithe, ag céimeanna forbartha faoi leith, i bhfeidhm ar na ciorcaid is na ceangail mhothúchánacha sa choirtéis sin. Ach tá obair ollmhór taighde le déanamh chun na forbairtí is torthaí seo a léiriú.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Forbairt inchinne sa leanbh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 281.

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne