Cathair i gContae Alameda, i dtuaisceart Chalifornia, is ea Fremont. Tá sé suite sa chuid thoir theas de Cheantar Bhá San Francisco ar na bruacha thoir den bhá. Tá amuigh is istigh le 230,000 duine ina gcónaí in Fremont.[1] Is é Fremont an ceathrú cathair is mó i gCeantar Bhá San Francisco, agus an ceann is mó a áirítear mar bhruachbhaile. Is é an chathair i gCeantar an Bhá Thoir is giorra do Ghleann an tSileacain agus uaireanta glactar mar chuid den ghleann é.
- ↑ "Demographics". Cartlannaíodh an bunleathanach ar Iúil 8, 2014. Dáta rochtana: Deireadh Fómhair 28, 2017.