Lipéad sa teanga dhúchais | (de) Endlösung der Judenfrage ![]() | ||
---|---|---|---|
Cineál | cinedhíothú ![]() | ||
Tréimhse | luach anaithnid - 8 Bealtaine 1945 | ||
B'í an Fhuascailt Dheiridh - nó Fuascailt Dheiridh na Ceiste Giúdaí (Gearmáinis: Endlösung der Judenfrage) an t-ainm a bhí ag Adolf Hitler agus ag an rialtas Naitsíoch ar an bplean a bhí acu Giúdaigh na hEorpa a mharú. Ba chuid lárnach é de pholasaí na Naitsithe i rith an Dara Cogadh Domhanda ón mbliain 1939 go dtí bás Hitler sa bhliain 1945. B'é Adolf Eichmann a chum is a cheap an téarma úd Endlösung. B'í Oibríocht Reinhard, nó marú na nGiúdach i nGobharnóireacht Ghinearálta na Polainne, sa bhliain 1942 an chéad mhóroibríocht a raibh baint aici leis an bhFuascailt Dheiridh. B'é an tUileloscadh, ina bhfuair ocht milliún Giúdach bás, príomhthoradh na scéime seo.