![]() | |
Cineál fostaíochta | na taibhealaíona agus coiméide |
---|
Is cur i láthair greannmhar atá i gceist le fuirseoireacht nó greann ar na boinn, os comhair slua de ghnáth. Tá go leor cineálacha éagsúla grinn i gceist léi.
Bíonn fuirseoirí ag bualadh bleid ar dhaoine den lucht féachana ag pointí áirithe sa seó ar mhaithe le haird an tslua a mhúscailt agus a choinneáil, agus fitear tagairtí do na sealanna gearra comhrá sin isteach sa chuid eile den seó, ar bhealach nádúrtha más féidir. "Tugtar le fios nach script dhocht atá á leanúint, rud nach fíor ach go hannamh."[1]
Áirítear mar léiriú ar chumas maith grinn é nuair nach mbíonn "an té atá thíos á bhualadh" de shaint ar gháirí.[1]
Bíonn a lán scileanna éagsúla i gceist leis an gceird, dar leis an bhfuirseoir mór le rá Aideen McQueen, m.sh. "conas aird an lucht féachana a choinneáil, conas thú féin a chur i láthair, agus déileáil le brú agus le daoine deacra." Is minic a ghlacann sé achar fada go leor sula mbíonn fuirseoirí in acmhainn maireachtáil uirthi. "Cuireann sé iachall ort an taobh éadrom den saol a fheiscint" áfach. "D’fhéadfadh an rud is mó atá ag cur as duit faoi láthair a bheith ina scéal grinn iontach".[2]
Is gnách tosú amach ar oícheanta ‘maidhc oscailte’ agus cuid mhaith taithí a fháil ar an mbealach sin sula mbíonn airgead ar bith gur fiú trácht air i gceist.[2]