Cineál | canúint |
---|---|
Canúint na | an Ghaeilge |
Úsáid | |
Dúchasach do | Cúige Mumhan |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Gaelacha an Ghaeilge | |
Cóid | |
Glottolog | muns1250 |
Is í Gaeilge na Mumhan canúint dheisceartach na Gaeilge. Tá difríochtaí suntasacha idir Gaeilge na Mumhan agus na canúintí eile. Labhraítear canúintí den gcineál seo i gCiarraí (go háirithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus Ciarraí Theas), i gCúil Aodha, in Oileán Chléire agus i nGaeltacht na Rinne. Bhí an-ról ag Gaeilge na Mumhan i bhforbairt na litríochta nua-aimseartha Gaeilge ós rud é gurb i nGaeilge na Mumhan a scríobh an tAthair Peadar Ua Laoghaire Séadna, an chéad úrscéal riamh dá scríobhadh i nGaeilge, agus gur chuir gníomhaithe agus saineolaí teangan an-spéis inti. Chomh maith leis sin, ba í Gaeilge na Mumhan a bhí mar chanúint ag údair na gclasaiceach Blascaodach: Peig le Peig Sayers, An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, agus Fiche Blian ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin. Is dócha gurb iad Pádraig Ó Cíobháin, Máire Mhac an tSaoi, Maidhc Dainín Ó Sé, Nuala Ní Dhomhnaill agus Alan Titley na scríbhneoirí comhaimseartha is bisiúla sa chanúint.