Ginmhilleadh

Is éard is ginmhilleadh ann ná deireadh a chur le toircheas trí suthféatas a bhaint nó a dhíbirt sula bhféadann sé maireachtáil taobh amuigh den útaras.

Tugtar breith anabaí nó ginmhilleadh spontáineach ar eachtraí a tharlaíonn gan idirghabháil. Nuair a ghlactar céimeanna d'aon ghnó chun deireadh a chur le toircheas, tugtar ginmhilleadh spreagtha air nó go hannamh ná sin "breith anabaí spreagtha".

De ghnáth tagraíonn an téarma neamhathraithe ginmhilleadh do ghinmhilleadh spreagtha.[1][2] Tugtar "foirceannadh déanach ar thoircheas" , ar ghnáthamh comhchosúil tar éis don fhéatas maireachtáil taobh amuigh den bhroinn.

Póstaer sa Rúis, 1925[3]
  1. "Home : Oxford English Dictionary".
  2. "Abortion (noun)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Bealtaine 2018. Dáta rochtana: 6 Eanáir 2020. “[mass noun] The deliberate termination of a human pregnancy, most often performed during the first 28 weeks of pregnancy”
  3. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)

From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne