Sa duine, tagann anáil ó na scamhóga, agus baineann an anáil seo athshondas as na téada gutha chun fuaim a dhéanamh. Is féidir an teannas sna téada a athrú ó am go chéile, agus athraíonn sé sin minicíocht na fuaime a ghintear.
Feidhmíonn an píobán garbh, an teanga, an béal, is an tsrón mar a bheadh feadáin athshondacha iontu chun an bhunfhuaim a athrú ar shlite éagsúla agus fuaim dheireanach iomlán an ghlóir a thabhairt amach.
Modhnaítear déine an ghlóir trí mhéid na hanála ó na scamhóga a mhodhnú. Trí stiúradh na dtéad is na teanga sa bhéal, déantar na minicíochtaí sa ghuth a chinntiú.[1]