![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Samhain 1884 Contae an Dúin, Northern Ireland ![]() |
Bás | 25 Deireadh Fómhair 1960 75 bliana d'aois Stow-on-the-Wold, England ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Innealtóireacht mheicniúil agus innealtóireacht aeraspáis |
Gairm | innealtóir eitilte, innealtóir, cumadóir, eitleoir ![]() |
Teangacha | Béarla |
Eitleoir is ceapadóir a rugadh gar do Dhroim Mór, Co. an Dúin, ab ea Harry Ferguson (4 Samhain 1884 - 25 Deireadh Fómhair 1960). Thóg sé a chéad eitleán i 1901 agus d'eitil é an bhliain chéanna. I 1917, ar iarratas an Bhord Talmhaíochta, dhear is rinne sé céachta ab fhéidir a cheangal le haon tarracóir a bhí ann ag an am. Bhí an céachta faoi rialú hiodrálach, fuinnmhithe ag inneall an tarracóra. Ar dtús cheangail sé le tarracóir nua Ford, an Fordson, ach bheartaigh sé gurbh fhearr feithicil dá dhearadh is dá dhéantús féin chun feidhm a bhaint ar airíonna is féidearthachtaí uile a chéachta. Bhí a fhréamhshamhail réidh i 1933, agus rinne sé conradh le comhlacht innealtóireachta David Brown chun an tarracóir nua, an Brown Ferguson, a dhéanamh.[1]