Is abhacphláinéad í Haumea, nó (136108) Haumea (siombail: ),[19] de réir chóras ainmneacha foirmiúla Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta, agus í ag timpeallú na gréine i gCrios Kuiper, taobh amuigh d'fhithis Neiptiúin. Is ionann a mais agus an tríú cuid de mhais Phlútóin.