Déantúsóir gluaisteán a rugadh i Little Missenden Shasana ab ea Herbert Austin (8 Samhain 1866 – 23 Bealtaine 1941).
Sa bhliain 1887 thug sé aghaidh ar an Astráil mar a ndeachaigh sé leis an innealtóireacht, ag cur feabhais ar bhearrthóirí caorach sa chuid ba mhó. B'ann freisin a casadh an bhean air a phós sé. Tháirg sé a chéad ghluaisteán, an Wolseley, sa bhliain 1895, agus d'oscail a mhonarcha, Austin Motor Co., in Birmingham i 1905. Bhí sé ina fheisire Coimeádach parlaiminte do thoghcheantar in Birmingham (1918–1924).[1]