Ba pholaiteoir Meiriceánach agus iar-sheanadóir sinsearach ó Wisconsin é Herbert H. Kohl (7 Feabhra 1935 a rugadh é). Ba bhall den Pháirtí Daonlathach é.
Bhain sé céim Bhaitsiléir amach ó Ollscoil Wisconsin, Madison i 1956, agus céim Máistir Riaracháin Ghnó ó Ollscoil Harvard i 1958. Bhí sé ar fiannas in Airm SAM cúltaca idir 1958 agus 1964. Ba sheanadóir i Seanad SAM ó 1988 go 2013 é nuair a tháinig Tammy Baldwin (D) i gcomharbacht air.