Is polaiteoir Beilgeach Pléimeannach é Herman Van Rompuy ([ˈɦɛɾmɑn vɑn ˈɾɔmpœy̆]). Rugadh Van Rompuy in Etterbeek, i ngar don Bhruiséil. Is ball den Christen-Democratisch en Vlaams (CD&V) é. Tháinig sé i gcomharbas ar Yves Leterme mar phríomh-aire na Beilge i Mí na Nollag 2008.[1] Roghnaigh na ceannairí Eorpacha Van Rompuy mar chéad Uachtarán buan Comhairle na hEorpa sa bhliain 2009.