![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | na hOileáin Fhilipíneacha ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Tasmáine ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, scríbhneoir ![]() |
Teangacha | Béarla |
![]() ![]() |
File, eagarthóir agus léirmheastóir ó na hOileáin Fhilipíneacha a tógadh san Astráil is ea Ivy Alvarez.[1][2]
Rugadh Alvarez sna hOileáin Fhilipíneacha agus d’fhás sí aníos sa Tasmáin. Nuair a bhí sí ag déanamh staidéar ar an mBéarla in Ollscoil na Tasmáine bhí dánta léi á bhfoilsiú in irisí liteartha agus i ndíolamaí. Ceapadh í mar eagarthóir léirmheastóireachta Cordite Poetry Review, iris ar líne san Astráil.[1]
Tá sealanna caite aici thar lear de bharr a cuid filíochta. Bhí sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath sna blianta 2003 agus 2004 agus baint aici le clár filíochta ann, agus d’aistrigh sí go Caerdydd in 2004.[1] Fuair sí comhaltachtaí ó MacDowell Colony (New Hampshire, SAM) agus Hawthornden Castle in Albain in 2005.[1] In 2006 fuair sí deontas filíochta ó Bhord Litríochta Chomhairle na hAstráile, príomhfhoras na n-ealaíon.[1] Bhí sí ina léachtóir cuartaíochta in Ollscoil Chester in 2010.[3] Is minic í ina haoi ag féilte scríbhneoireachta san Astráil.
I dteannta a cuid filíochta, scríobhann sí drámaí, ailt agus léirmheasanna.