![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Lúnasa 1746 Weeford, England ![]() |
Bás | 4 Meán Fómhair 1813 67 bliana d'aois Marlborough, England ![]() |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Titim de chapall) |
Áit adhlactha | Abtheach Westminster ![]() |
Uachtarán Acadamh Ríoga na nEalaíon | |
1805 – 1806 ![]() | |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ailtireacht, caomhantas, ealaín fheidhmeach agus ealaíona maisithe |
Suíomh oibre | An Veinéis (1762–1764) An Róimh (1762–1768) Londain ![]() |
Gairm | ailtire, athchóiritheoir, dearthóir ![]() |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Siblín | Samuel Wyatt |
![]() ![]() |
Ailtire a rugadh i mBurton Constable Shasana ab ea James Wyatt (3 Lúnasa 1746 - 4 Meán Fómhair 1813).
Bhain sé cáil amach as a dhearadh nuachlasaiceach do Phaintéón Londan (1772). Cé nach raibh an struchtúr suntasach mórán ón taobh amuigh tharraing an halla aird mhór ón bpobal agus bhí praghsanna an-arda ar thicéid le haghaidh imeachtaí ann. Ní raibh a leithéid de spás cruinnithe le feiceáil roimhe sin, dar lena lán, leis an gcruinneachán mór, na fohallaí timpeall an phríomhsheomra agus an stíl chríochnúil ar gach rud. Osclaíodh an foirgneamh sa bhliain 1772 ach dódh é fiche bliain ina dhiaidh, sa bhliain 1792.
Saothar eile leis is ea Mainistir Fonthill (1796-1807), athbheochan Ghotach a thit as a chéile beagnach go hiomlán sna 1920idí.[1]