Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe ab ea John Roy Major (29 Márta 1943 a rugadh é), ó 1990 go dtí 1997. Roimhe sin, bhí postanna éagsúla eile ag Major i rialtas Pháirtí Coimeádach Margaret Thatcher. Ba é Major an phríomh-aire i rith chéad Cogadh na Murascaille. Baisteadh é John Roy Major cé gurb é an t-ainm "John" atá scríofa ar a theastas breithe. Bhain sé úsáid as an ainm "Roy" go dtí na luath-80í.