B'é Kevin Michael Rudd Príomh-Aire na hAstráile ó 3 Nollaig 2007 go 24 Meitheamh 2010 agus arís ó 27 Meitheamh 2013 go 18 Meán Fómhair 2013.
B'eisean an 26ú príomh-aire ar an Astráil sa bhliain 2007 agus é ag teacht i gcomharbas ar John Howard. Tháinig Julia Gillard in oifig mar phríomh-aire sa bhliain 2010, ach fuair Rudd an oifig den dara huair ar 27 Meitheamh 2013. D'éirigh sé as an bpost ar 18 Meán Fómhair 2013.
Ar an 12 Feabhra 2008, mhol Kevin Rudd rún, inar ghabh sé leithscéal oifigiúil le Bundúchasaigh na hAstráile.