Kurt Cobain

Infotaula de personaKurt Cobain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Feabhra 1967
Aberdeen, Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 5 Aibreán 1994
27 bliana d'aois
Seattle, Washington Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Tráma balaistíoch)
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteKurdt Kobain Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAgnóiseachas
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Aberdeen Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
LámhcheannasCiotógacht
Dath súileGorm
Dathán gruaigeGruaig fhionn
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol, ceol malartach, grúinse, amhránaíocht, taibhiú giotáir, cumadóireacht, rac malartach agus cumadóireacht
Gairmgiotáraí, aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, scríbhneoir scripte scannáin, cumadóir, cumadóir amhrán, amharcealaíontóir, amhránaí, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1982 –  1994
Ball de
Nirvana (1987–1994)
Fecal Matter Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraGrúinse agus rac malartach
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisGiotár agus ceol gutha
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileCourtney Love (1992–1994), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFrances Bean Cobain Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDonald Leland Cobain  agus Wendy Elizabeth Fradenburg
Síniú

IMDB: nm0001052 FilmAffinity: 962654571 Allocine: 28484 TV.com: people/kurt-cobain TMDB.org: 92563
Spotify: 6pAuTi6FXi6qFQJ1dzMXQs Apple Music: 526647 Last fm: Kurt+Cobain Musicbrainz: 3c9b356d-d1db-4f4e-a7a3-2d00c1d70255 Songkick: 1086434 Discogs: 275118 Allmusic: mn0000095243 Goodreads author: 33041 Find a Grave: 1488 Deezer: 3801831 Cuir in eagar ar Wikidata

Cumadóir agus ceoltóir Meiriceánach a bhí i Kurt Donald Cobain (20 Feabhra 1967 - timpeall 5 Aibreán 1994), agus é ina príomhamhránaí agus giotáraí leis an racbhanna Nirvana. Nuair a thosaigh an grúpa ag baint an-cháil amach ag tús na 1990idí, b'é Cobain a bhí sa spotsolas mar chumadóir agus ceannaire an bhanna. Mar thoradh, féachtar air mar laoch mór do ghlúin óg nua, glúin a bhí tuirseach leis an saghas rac-cheoil éadomhain a bhí gnáthúil ag an am. Leis an albam Nevermind, bhris grúinse amach as Seattle, agus hathraíodh domhain an rac-cheoil go tobann. Sa lá atá inniu, labhraítear fós faoin tionscal ceoil "réamh-Nirvana" agus "iar-Nirvana".

Sna laethanta seo, bhí Nirvana ar an ngrúpa ba mhó ar domhan, agus ba cheart do Chobain a bheith sách sásta leis féin. Os a choinne sin, caitheadh isteach sa phríomhshruth go tobann é leis a cháil nua, agus ní raibh sé ar a chompord leis riamh.

Fear umhal agus ciúin a bhí ann, ach bhí an-bhrú curtha air thar oíche le clú nach raibh á lorg aige riamh. Thosaigh daoine sna meáin ag tabhairt "urlabhraí na glúine" air, ach dhiúltaigh Cobain an smaoineamh seo go borb. Bhí trom-imní air chomh maith i gcónaí, mar cheap sé go raibh sé ag brath na n-idéalaí punc-rac a bhí aige agus a ghrúpa, nuair a thosaigh siad ag fás agus ag éirí ró-rathúil. Agus ó thaobh a shaol pearsanta de, bhíodh sé i gcónaí ag streachailt le fadhbanna éagsúla, gruaim agus mí-úsáid drugaí na cinn ba mheasa dóibh.


From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne