![]() ![]() | |
Cineál | lámhscríbhinn ![]() |
---|---|
Teanga | an Ghaeilge ![]() |
Is lámhscríbhinn de chuid na meánaoise é an Leabhar Laighneach (Sean-Ghaeilge Lebor Laignech). Díolaimadh é c. 1160. Bhí aithne air tráth mar Lebor nó Lebar na Núachongbála (Leabhar na Nuachongbhála), suíomh mainistreach i gContae Laoise.
Tá 187 leathanach sa lámhscríbhinn agus gach ceann acu ionann is 33 cm faoi 23 cm. Tá nóta ann go mb'fhéidir go bhfuil oiread is 45 leathnach ar iarraidh.
Caomhnaítear anois é i gColáiste na Tríonóide faoin gcód seilf LS. 1339 (olim H 2.18).[1] Tá roinnt míreanna den leabhar, m.s. Féilire Thamhlachta, i mbailiúchán Choláiste na hOllscoile, BÁC.[2]